Iarratas a dhéanamh go pearsanta nó tríd an bpost

Tá dhá rogha ann chun iarratas a dhéanamh ar do cheadúnas tiomána nó do cheadúnas foghlaimeora, is féidir iarratas a dhéanamh ar an láthair ag aon cheann d’ionaid na Seirbhíse Náisiúnta um Cheadúnas Tiomána (NDLS) ar fud na tíre nó is féidir iarratas a dhéanamh tríd an bpost. Má roghnaíonn tú teacht ar an láthair, ní mór duit coinne a chur in áirithe ag suíomh NDLS trí ghlaoch ar an líne áirithinte ar 0818 919 090. Níl aon seirbhís siúl isteach ar fáil. Nuair a bheidh do cheadúnas/chead foghlaimeora próiseáilte cuirfear chugat é sa phost.

Beidh ort aitheantas, IDan táille agus aon cháipéisí tacaíochta eile, lena n-áirítear tuairisc liachtatuairisc ar radharc na súl más gá a thabhairt leat. Sin nó, beidh moill ar d’iarratas. Más mian leat d’iarratas a dhéanamh i nGaeilge, beidh ort foirm iarratais Ghaeilge thíos a chomhlánú. Glacfar do ghrianghraf agus do shíniú go leictreonach san ionad NDLS.

Foirm Iarratais ar Cheadúnas Iomlán D401 agus Nótaí Treorach
Foirm Iarratais ar Chead Foghlaimeora D201 agus Nótaí Treorach

  • Ceadúnas tiomána nó cead foghlaimeora Éireannach
  • Cárta Seirbhísí Poiblí Reatha
  • Pas Éireannach nach bhfuil in éag le níos mó ná 12 mhí
  • Pas reatha do gach saoránach nach saoránach de chuid na hÉireann é/í (atá bailí d'úsáid idirnáisiúnta)
  • Cárta aitheantais náisiúnta reatha do shaoránaigh AE/LEE/ na hEilvéise
  • Deimhniú Eadóirseachta Éireannach
  • Ceadúnas tiomána reatha de chuid na RA ar a bhfuil grianghraf
  • Cáipéis taistil Éireannach Reatha

  • Cárta seirbhísí poiblí/cárta seirbhísí sóisialta
  • Comhfhreagras ó na Coimisinéirí Ioncaim /ón Roinn Coimirce Sóisialaí ar a bhfuil PPSN
  • P21/Measúnú Cánach/ Fógra Creidmheasanna Cánach
  • Admháil ó íocaíocht leasa shóisialaigh ar a bhfuil PPSN iomlán le feiceáil
  • Cárta leighis / cárta na Scéime Íocaíochta Drugaí (DPS) / cárta Eorpach um Árachas Sláinte
  • Duillín Pá nó P60/P45

Tabhair faoi deara nach féidir leis an gcruthúnas ar do sheoladh a bheith níos sine ná 6 mhí ar dháta an iarratais. Ní mór don seoladh atá ar an gcáipéis atá ina fianaise ar do sheoladh a thugann tú a bheith díreach mar a chéile leis an seoladh ar an bhfoirm iarratas. Seiceáil é seo sula dtéann tú chuig an ionad mar mura bhfuil siad díreach mar a chéile, fiú más botún litrithe atá ann, ní féidir glacadh leis agus d’fhéadfaí nach nglacfaí le d’iarratas dá bharr.

  • Cárta seirbhísí poiblí
  • Bille fóntais (i.e. ó sholáthróir leictreachais/fóin/gáis/seirbhíse teilifíse cábla/leathanbhanda). Glactar le billí a phriontáiltear ón idirlín. Ní ghlactar le billí fóin póca Tabhair ar aird: Ba cheart billí a phriontáil le gur féidir iad a chur ar aghaidh mar chuid den iarratas.
  • Ráiteas nó comhfhreagras eile ó bhanc/cumann foirgníochta/comhar creidmheasa lena n-áirítear ríomh-Ráitis ar a bhfuil ainm agus seoladh an chustaiméara sonraithe. (Ní ghlactar le ráitis ó chártaí siopa/cuideachtaí catalóige).
  • Comhfhreagras ó aon Roinn Rialtais nó Gníomhaireacht Stáit Éireannach e.g. Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte; an Roinn Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí, na Coimisinéirí Ioncaim, An Garda Síochána; etc.
  • Comhfhreagras ó chuideachta árachais maidir le polasaí Reatha.

D’fhéadfadh iarrthóirí nua, go háirithe an aoisghrúpa 17-20 na rudaí seo a leanas a chur ar fáil mar chruthúnas ar sheoladh:

  • Comhfhreagras ar pháipéar ceannchlóite lena n-iar-bhunscoil nó institiúid oiliúna tríú leibhéal (Ní mór dáta an chomhfhreagrais a bheith le feiceáil go soiléir)
  • Comhfhreagras ó SUSI/CAO
  • Comhfhreagras ó bhanc/comhar creidmheasa
  • Comhfhreagras ó chomhlacht rialtais

  • Cárta Seirbhísí Poiblí - i gcás go bhfuil d’áit bhreithe nó do náisiúntacht laistigh den AE/LEE/Eilvéis/Ríocht Aontaithe/Tuaisceart Éireann
  • Teastas breithe nó teastas uchtaithe (fada) Éireannach/RA
  • Ceadúnas Tiomána AE/LEE/na hEilvéise nó cead foghlaimeora Éireannach a thaispeánann go bhfuil an áit bhreithe laistigh den AE/LEE/Eilvéis/RA/T.É
  • Teastas iontrála ar Chlár Éireannach na mBreitheanna Eachtracha
  • Pas /cárta pas Éireannach (ceann reatha nó ceann nach bhfuil in éag le níos mó ná 12 mhí)
  • Pas reatha do gach saoránach AE/LEE/na hEilvéise/RA/T.É (atá bailí d'úsáid idirnáisiúnta)
  • Cárta aitheantais náisiúnta reatha do shaoránaigh AE/LEE/ na hEilvéise
  • Deimhniús eadóirseachta Éireannach
  • Cead cónaithe Éireannach reatha (IRP), teastas clárúcháin (Cárta Bhiúró Náisiúnta an Gharda Síochána um Inimirce/cárta GNIB) nó Cárta Cónaithe Shealadaigh (TRC) do shaoránaigh neamh-AE/LEE/ na hEilvéise/RA (caithfear na cártaí IRP, GNIB agus TRC a thaispeáint mar aon le pas reatha bailí d'úsáid idirnáisiúnta nó Cárta Seirbhísí Poiblí).

Is éard atá i gceist le “gnátháit chónaithe” an áit ina bhfuil cónaí ar dhuine de ghnáth, is é sin i gcomhair 185 lá ar a laghad i ngach bliain, mar gheall ar naisc phearsanta agus ghairme, nó, i gcás duine gan aon naisc ghairme, mar gheall ar naisc phearsanta a léiríonn an dlúthcheangal idir an duine sin agus an áit ina bhfuil sé nó sí ina c(h)ónaí. An té a bhfuil a naisc ghairme in áit éagsúil ón áit ina bhfuil a naisc phearsanta agus a bhfuil cónaí orthu dá bharr in áiteanna éagsúla atá lonnaithe in dhá Bhallstát nó níos mó ná sin, measfar gur gnátháit chónaithe an duine sin an áit ina bhfuil a naisc phearsanta ar a bhfilleann an duine go rialta. Ní gá an coinníoll deireanach sin a chomhlíonadh nuair atá an duine ina c(h)ónaí i mBallstát d’fhonn tasc a chur i gcrích a bhfuil fad ama cinnte ag baint leis. Ní chiallaíonn freastal ar ollscoil nó scoil go n-athraíonn gnátháit chónaithe

Ní mór a bheith ar an eolas, nuair a bheidh tú ag teacht i láthair ag do choinne, nach féidir glacadh leis na nithe thíos. Tabhair ar aird nach liosta iomlán é seo agus go ndéanfar athbhreithniú air go rialta.

  • Pas Éireannach atá in éag le níos mó ná 12 mhí.
  • Pasanna neamh-Éireannacha ná cártaí aitheantais náisiúnta atá imithe in éag
  • Níl cárta GNIB inghlactha mar aitheantas fótagrafach. (ach glacfar leo mar chruthúnas ar theidlíocht chónaitheachta do shaoránaigh neamh-AE/LEE/na hEilvéise)
  • Ní féidir glacadh le cárta GNIB ná cead cónaithe Éireannach gan pas reatha nó CSP.
  • Ní ghlactar le fótachóipeanna de cháipéisí céannachta fótagrafaí. Ní ghlactar le cártaí Aitheantais Coláiste ná cártaí Aoise an Gharda Síochána mar bhuncháipéisíocht chéannachta.
  • Ní ghlactar le cártaí Aitheantais Fostóra mar bhuncháipéisíocht chéannachta, lena n-áirítear nuair is gníomhaireacht stáit an fostóir e.g. cártaí aitheantais Airm, cártaí aitheantais Gardaí
  • Teastais bhreithe san fhoirm ghearr
  • Teastais bhaiste
  • Teastas breithe/uchtaithe nár eisigh an Phríomh-Oifig Chlárúcháin (GRO) in Éirinn/RA
  • Ní ghlactar le teastais Chreidimh/phósta Eaglaise
  • Ní féidir glacadh le teastas pósta mar fhianaise ar sheoladh
  • Ní ghlactar le teastais phósta lannaithe
  • Aon cháipéis gníomhais aonpháirtí nach gcuirtear i ngníomh in Éirinn & cláraithe in Ard-Chúirt na hÉireann
  • Pas saorthaistil lannaithe mar chruthúnas ar chéannacht
  • Ní féidir Teastais Tástála Teoirice Tiománaí a úsáid mar chruthúnas ar sheoladh ná PPSN
  • Ní féidir billí fóin póca a úsáid mar chruthúnas ar sheoladh
  • Ní féidir ráitis ó chártaí siopa/cuideachtaí catalóige a úsáid mar chruthúnas ar sheoladh
  • Cruthúnas ar sheoladh a bhfuil dáta níos sine ná 6 mhí air roimh dháta an iarratais.
  • Comhfhreagras pearsanta mar chruthúnas ar sheoladh
  • Ní ghlactar le litreacha lámhscríofa mar chruthúnas ar sheoladh
  • Teastais Taistil Shealadacha

Mura bhfuil CSP agat ní mór duit cáipéisí a chur ar fáil ag an Ionad NDLS chun iad seo a leanas a chomhlíonadh 1. Aitheantas ar a bhfuil Grianghraf, 2. Cruthúnas ar PPSN, 3. Cruthúnas ar sheoladh, 4. Cruthúnas ar ghnátháit chónaithe - féach thuas do liosta i ndáil le cáipéisí ar féidir glacadh leo do gach ceann.

I gcásanna áirithe d’fhéadfadh an cháipéis chéanna níos mó ná riachtanas amháin a chomhlíonadh e.g. Tá pas Éireannach/AE leordhóthanach mar aitheantas ar a bhfuil grianghraf & mar chruthúnas ar theidlíocht chónaitheachta; is féidir litir a fuair tú ó na Coimisinéirí Ioncaim ar a bhfuil do PPSN a úsáid mar chruthúnas ar do sheoladh agus ar do PPSN araon.

Ní mór duit coinne a chur in áirithe ag suíomh NDLS trí ghlaoch ar an líne áirithinte ar 0818 919 090

Roghnaigh contae le haghaidh tuilleadh eolais:

 
 

Ní mór foirm tuairisce leighis a bheith in éineacht le d’iarratas má bhaineann aon cheann de na critéir seo a leanas leat:

  • Tá tú ag déanamh iarratas ar chead foghlaimeora nó cheadúnas tiomána in aon cheann de Chatagóirí C nó D seo a leanas (catagóirí bus agus trucaile) C1, C, D1, D, C1E, CE, D1E nó DE.
  • Tá riochtaí leighis áirithe ag dul duit
  • Tá tú 75 bliana d’aois nó níos sine
  • Tá cód nodaireachta 101 ag do cheadúnas tiomána reatha a léiríonn go bhfuil athnuachan faoi réir tuairisc leighis bailí a chur ar aghaidh
  • D’fhulaing tú den alcólachas riamh
  • D’fhulaing tú den titimeas riamh
  • Tógann tú drugaí nó leigheas ar bhonn rialta agus dá mbarr, ní móide gur tiománaí sábháilte a bheadh ionat

Ní mór tuairisc ar radharc na súl atá sásúil a fhéadfaidh optaiméadraí nó liachleachtóir cláraithe í a líonadh isteach a bheith in éineacht le gach iarratas céaduaire ar chead foghlaimeora. Ní mór duit an tuairisc ar radharc na súl a shíniú i láthair an radharceolaí nó an dochtúra. Ní mór do dháta an chomhlánaithe a bheith laistigh de mhí amháin ó dháta an iarratais ag ionad NDLS.

Tá foirm tuairisce ar radharc na súl ag teastáil i gcás inar chaith tú spéaclaí/lionsaí roimhe seo ach nach gá duit iad a chaitheamh a thuilleadh. Tá sé ag teastáil freisin i gcásanna áirithe nuair atáthar ag malartú ceadúnas ó thír eile atá lasmuigh den Aontas Eorpach. Cinntigh go gcuirtear an tuairisc ar radharc na súl ar fáil laistigh de mhí amháin tar éis do radharceolaí nó do dhochtúir í a chomhlánú.

Níl tuairisc ar radharc na súl don cheadúnas tiomána ag teastáil i gcás ina gcuirtear foirm tuairisce leighis ar fáil seachas i gcás ina molann Dochtúir é. Is féidir Foirmeacha Tuairisce Leighis agus Tuairisce ar Radharc na Súl don Cheadúnas Tiomána a íoslódáil anseo.

Iarratais tríd an bpost

Más mian leat iarratas a dhéanamh i nGaeilge ach mura bhfuil tú ábalta é sin a dhéanamh mar nach bhfuil aon rogha Gaeilge ar líne, glacfaimid le hiarratas i nGaeilge tríd an bpost. Tabhair ar aird: Ní mór cárta seirbhísí poiblí (CSP) a bheith agat agus do thoil a thabhairt don NDLS rochtain a fháil ar do ghrianghraf agus ar do shíniú ón taifead sin.

  • Teastóidh Cárta Seirbhísí Poiblí uait chun iarratas a dhéanamh tríd an bpost. Déanfar d’ainm, do shíniú agus do ghrianghraf mar atá siad ar do CSP a phriontáil ar do cheadúnas nuair a bheidh sé próiseáilte.
  • Ní mór foirm iarratais a chomhlánú. Tá foirmeacha iarratais agus treoirnótaí ar fáil thíos.

    Foirm Iarratais Poist le haghaidh Ceadúnas Tiomána D401 agus Nótaí Treorach
    Foirm Iarratais Phoist do Chead Foghlaimeora D201 agus Nótaí Treorach

  • Ní mór duit cead a thabhairt chun an t-ainm, íomhá agus síniú atá ar do chárta seirbhísí poiblí (CSP) a úsáid ar do cheadúnas tiomána nó ar do chead foghlaimeora (mar is infheidhme). Mura dtugann tú toiliú iad a úsáid nó mura bhfuil d’ainm i nGaeilge ar do CSP, is féidir leat coinne a dhéanamh chun freastal ar aon ionad NDLS ar fud na tíre agus iarratas a dhéanamh i nGaeilge. Is féidir leat coinne a dhéanamh trí ghlaoch ar an líne áirithinte ar 0818 919 090
  • Táille iarratais: Is féidir táillí a íoc le seic nó le hordú poist.
  • Ní mór an táille iarratais cheart a chur isteach leis an bhfoirm iarratais. Tá sonraí faoin táille iarratais agus faoin modh íocaíochta le fáil sna nótaí treorach don phost thuas. Mura gcuireann tú an táille iarratais cheart isteach ní ghlacfar le d’iarratas agus beidh ort iarratas eile a dhéanamh. Má tá tú 70 bliain d’aois nó níos sine níl aon táille iarratais i gceist
  • Ba cheart foirmeacha iarratais comhlánaithe a chur sa phost chuig:
    An tSeirbhís Náisiúnta um Cheadúnais Tiomána,
    Bosca Poist 858,
    Oifig Seachadta an Taoibh Theas,
    Corcaí.

Táillí ar Cheadúnais Tiomána
Ceadúnais tiomána nua agus ath nuachan ceadúnais €55
Ceadúnas 3 bliana (aois nó forais leighis) €35
Ceadúnas athsholáthair nó dúblach €35
Ag cur catagóir nua ceadúnais le ceadúnas reatha €35
Ceadúnas coigríche a mhalartú €55
Ceadúnas bliana (foaris leighis) Saor in aisce
Ceadúnas do dhaoine os cionn 70 Saor in aisce